Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
American Wake - d’imigh beirt dheirfiúr Sheosaimh go Meiriceá nuair a bhí Seosamh 6 nó 7 mbliana d’aois agus bhí oíche mhór ceoil & damhsa sa teach go maidin. D’imigh siad as stáisiún traenach Ghaoth Dobhar. | 00:04:10 | |
Albain: d’imigh Joe go hAlbain ag baint an fhómhair ag feirmeoir ar £2 sa tseachtain in 1916. Bhí sé 16 bliana d’aois. Bhí a dheartháir thall in Northumberland agus bhí fear eile leis anonn. Cur síos ar an obair a bhí sé ag déanamh. | 00:04:37 | |
Chaith sé cúpla bliain anonn agus anall le cuidiú sa bhaile. Théadh sé anonn ansin ag obair ar an bhiatas. Cur síos ar an obair sin. | 00:02:53 | |
D’obair Seosamh ar na preátaí thall in Albain fosta. Bhíodh scuaid ag fágáil an bhaile ag dul anonn an t-am sin. Bhí £110 le fáil ar an acra. Cur síos ar an am ansin fosta; an obair, an lá agus an loistín. | 00:07:12 | |
Ag imeacht go hAlbain agus go Northumberland nuair a bhí sé 16 bliana déag d'aois, d'oibrigh sé ar fheirm lena dheartháir, cur síos ar a bhlianta ansin, obair ar fheirmeacha, díoga, tógáil cloicheacha, tánadh turnips. Am an chogaidh agus mol acu ag imeacht san arm. Bhí sé in Kelso, obair fairsing, an chéad tarracóir, ag obair le beithígh, cur síos ar a bhlianta ansin. Daoine carthanach agus ionraice. Léir daoine as an bhaile ansin, as Gaoth Dobhair, Cloich Cheann Fhaola, Inis Eoghain agus as na Rosa. | 00:08:51 | |
Am an chogaidh thall, an pá a bhí acu. Obair fairsing, fir ar shiúl sa chogadh agus daoine ag teitheadh. | 00:02:53 | |
An cineáil saoil a bhíodh thall acu, obair chrua, obair le turnips agus le coirce, uaireanta fada agus an lóistín a bhí acu. | 00:08:52 | |
A uncail Niall Ó Fearraigh a chuaigh ‘an Lagáin, cheannaigh sé carr beithigh agus clog ansin. Carr láidir a bhí ann agus bhíodh sé ag iompar lódaí do dhaoine eile fosta.
Bhí deirfiúir aige fosta a d’imigh go Meiriceá, bhí sé féin óg san am ach tá cuimhne aige air sin. Fuair bean acu bás in Nashville anuraidh, 2005. An oíche sular imigh siad, bhí na comharsan cruinnithe agus bhíodh oíche ceoil agus damhsa acu. Bhíodh an tsean mhuintir ag meas nach bpilleadh an mhuintir óg níos mó. As staisiún Ghaoth Dobhair a d’imíodh siad as. | 00:08:02 | |